Thosaigh Seachtain na Gaeilge 2024i Scoil Phroinsias Naofa le stáisiún léitheoireachta i ranganna 2-6. Bhain na páistí sult agus spraoi as gníomhachtaí léitheoireachta bunaithe ar fíor-leabhair éagsúla.

St. Francis NS started Seachtain na Gaeilge 2019 with 2nd – 6th class taking part in reading stations in Irish. They enjoyed fun reading activities based on a range of story books.

Le linn Seachtain na Gaelige mar a tharlaíonn go bliantúil, ghlac páistí ó ranganna a h-aon.  trí agus 5 páirt i ranganna rince Gaelach le Carmel Connolly.

During Seachtain na Gaeilge, pupils from 1st, 3rd and 5th class participated in our annual series of Irish Dancing lessons with Carmel Connolly.

D’fhoghlaim siad na bun-chéimeanna rince, chomh maith le Rince an Scuab, Rince Ciorclach, Droichead Átha Luain agus Bailí Luimní. Dé Máirt 12  agus Dé Céadaoin 13,  bhí céilithe ar siúl inar ghlac idir naíonáin agus páistí sinsearacha páirt. Ag deireadh an chéilí sinsearach, canadh leagan bríomhar de Amhrán na bhFiann.

They learned the basic dancing steps as well as The Brush Dance, A Circle Dance, The Bridge of Athlone and The Walls of Limerick. On Tuesday 12th and Wednesday 13th pupils from Infants – 6th enjoyed Céilís. At the end of the senior céilí, a lively rendition of our National Anthem, Amhrán na bhFiann was sung.

Céadaoin 13, bhain ranganna 2 – 6 fíor-shult as Tráth na gCeist.

Comhgháirdeachas do na buateoirí agus do gach páiste a ghlac páirt ann.

On Wednesday 13th, 2nd– 6th classes had great fun at a Quiz “i nGaeilge”. Congratulations to the winning team and to all children who took part.

Tháinig Seachtain na Gaeilge 2024 chun críoch le Paráid Ghlas timpeall na scoile agus Tionól Gaelach i  halla na scoile, inar ghlac gach páiste páirt. Bhí finale iontach againn le gach páiste ag canadh “Amhrán na bhFiann” ar ard a ngutha! Táimid ar bís faoi Sheachtain na Gaeilge 2025 cheana féin!

Seachtain na Gaeilge 2024 came to an end with a whole school taking part in our annual “Green Parade” and assembly in the hall.  We finished with a loud finale of our National Anthem. We are already excitedly looking forward to Seachtain na Gaeilge 2025!